Ábhair agus cleachtas
Inbhuanaitheacht

Úsáideann muid 100% olann caorach. Ó tharla go bhfásann lomra nua ar an gcaora chuile bhliain, tá sé go hiomlán in-athnuaite.
Tagann an olann ó chomhlacht Snáithe Dhún na nGall, Cill Chartha, Co. Dún nan Gall. Tuilleadh eolais anseo.
Tá ár mbréidín fite ar sheolta traidisiúnta, gan aon leictreachas ach le obair na gcos agus na lámh amháin.
Maireann breidín ar feadh na mblianta – pluid a mhairfeas ó ghlúin go glúin.
Go nádúrtha, riallaíonn olann an teocht – coinníonn sé an teocht istigh, bogann an t-aer thríd agus súann an t-olann an taise, próiseas a fhágann tú te teolaí tirim.
Tá airí in olann a dhiúltaíonn do shalachar, frídíní agus boladh, rud a chiallaíonn nach gá é a níochán chomh minic le héadach eile.
I ndeireadh saol fada na pluide, briseann an olann síos go nadúrtha isteach sa timpeallacht gan dochar.
Tá ár mbréidín 100% nadúrtha, in-athnuaite agus in-bhithmhilte.
Déan teagmháil
